Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
Seanfhocal 17:10 - An Bíobla Naofa 1981 Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach, ná mar a fhágann céad buille ar an amadán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is mó théid achmhusán a steach a nduine chríonna na céad buille ann amadán. |
Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.
Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.
Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá; ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.
Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t‑aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.
Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.
Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor; fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.