Seanfhocal 16:16 - An Bíobla Naofa 1981 Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ga mhéad is féarr eagna dfagháil ná ór? agus tuigsi dfagháil is córa í do thogha ná airgiod? |
Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
Is méanar don té a aimsíonn an eagna, agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,
Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgead agus is mó a tairbhe ná an t‑ór.
Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint; ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.
Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.
Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.”