Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin
Seanfhocal 15:13 - An Bíobla Naofa 1981 Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do ní chroidhe súgach gnúis shuilbhir: acht lé dóbhrón an chroidhe bristear an spiorad. |
Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin
Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón.
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.