Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
Seanfhocal 14:9 - An Bíobla Naofa 1981 Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh, ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do níd amadáin magadh fan bpeacadh: acht a measg na bhfíréan atá fabhar. |
Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh; ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.
Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.
Tugann sé tarcaisne do tharcaisneoirí, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na huirísle.
Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”
Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.
mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n‑ainmhianta coirpeachta féin.”