Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.
Seanfhocal 13:15 - An Bíobla Naofa 1981 Tugtar gean don léirthuiscint, ach is guaisiúil í slí na bhfeallairí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bheir tuicse mhaith fabhar: acht atá slighe na sáruightheach cruáidh. |
Is é tús na heagna eagla Dé - is ciallmhar iad lucht a adhartha; mairfidh a mholadh go brách.
Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán; an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.
Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
agus thug sé slán é ó gach gábhadh dá raibh i ndán dó, bhronn air grástúlacht agus eagna i bhfianaise Fhorainn, rí na hÉigipte, agus rinne ceannaire ar an Éigipt de agus ceann ar an teaghlach ríoga.
Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.