Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?
Seanfhocal 10:19 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní bhí díth peacaidh a niomad na mbríathar: acht an té chongmhus air a bhéul atá críonna. |
Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart?
Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost.
Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.
Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal.
Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.
Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat.
Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,
Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.