Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -
Seanfhocal 10:14 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do níd na daoine críonna stór éoluis: acht is fogus béul a namadáin daidhmhilleadh. |
Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna -
An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas, [ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin].
Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.
Ní bhíonn sonas i ndán d'fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.
Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.
An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.
Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.
Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
Tógann an dea-dhuine dea-nithe amach as a dhea-stór, agus tógann an drochdhuine drochnithe amach as a dhrochstór.
“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”