Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Salm 81:9 - An Bíobla Naofa 1981 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael! An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Á rá, Éistigí, a phobail liom, agus tabharfaidh mé mo dheimhin air daoibh: a Iosrael, má thugann tú cluas dom, Psalma Dhaibhí 1836 Ionadsa na bíodh am air bith, Dia coimhthígheach na claon; ’S do Dhia cóigchríche ni chlaonfair, Tú, thu‐féin síos maraon. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael! |
Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinn agus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.
“Éistigí, a phobal liom, labhróidh mé, tabharfaidh mé fianaise i do choinne, a Iosrael; óir is mise is Dia ann - do Dhiasa.
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”
Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór, bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.
Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt. Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc! Is sibhse mo chuid finnéithe - briathar an Tiarna - agus is mise Dia;
Éistigí le briathar an Tiarna, a chlann Iosrael, mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre. Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,
Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh.