Salm 3:2 - An Bíobla Naofa 1981 A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i m'éadan! An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Is iomaí duine á rá i dtaobh mʼanma: ní cabhair ar bith dó a Dhia. Psalma Dhaibhí 1836 Rem’ anam, ’siomdha deir, nach bhfuil, Aon chobhair dho a nDia; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is iomadamhuil an drong a deir rém anam, Ní bhfuil cabhair air bith dhó a Ndía. Selah. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 A Thiarna, nach líonmhar iad mo naimhde! Tá mórán daoine ag éirí amach i mʼéadan! |
Péist is ea mise; ní duine mé: táim i mo sceith béil ag na daoine agus i m'ábhar aithise ag an bpobal.
Éirigh, a Thiarna! Fóir orm, a Dhia! Óir buaileann tú mo naimhde uile sa phus agus briseann tú fiacla na bpeacach. 8 A Thiarna an tslánaithe, beannaigh do mhuintir!
Éist liom is mé ag éamh ort, a Dhia na fíréantachta. D'fhuascail tú mé ó mo phianpháis, éist liom go trócaireach.
Is é an Tiarna a roghnaíonn dó féin an duine diaga: éistfidh an Tiarna nuair a ghlaofaidh mé air.
Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?
Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.
á rá: “Tá sé tréigthe ag Dia; téigí ar a thóir agus beirigí air, óir níl aon neach ann lena shaoradh.”
Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d'ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir.
Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin.