Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.
Salm 2:4 - An Bíobla Naofa 1981 An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Déanfaidh an té a shuíos ar neamh gáire magúil fúthu: beidh an Tiarna ag fonóid fúthu. Psalma Dhaibhí 1836 An te ata ’sna flaithis shuas, Do ghnidhse gáire fúith’; Mar adhbhar maguidh bei’d do shiór Ag Tighearna na síoth. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té atá ar neamh, déanann sé gáire: déanann an Tiarna díol magaidh díobh. |
Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ‘Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim.
Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.
Ach gáireann an Tiarna go fonóideach faoi, óir is eol dó go bhfuil a lá tar éis teacht.
An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia.
drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu, agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”
Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne, seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah
Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?