Scairt siad - ní raibh fear a dtarrthála ann: bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.
Salm 2:1 - An Bíobla Naofa 1981 Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht? An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Cad chuige a bhfuil an fraoch nimhe seo ar na náisiúin i gcuideachta a chéile: cad chuige a bhfuil na ciníocha ag beartú baoise? Psalma Dhaibhí 1836 Cionas fa’r ghabh na geinte buil’, ’S fa’r chruinnighdís na slóigh, ’Sar smuainighdis air dhiomháoineas, Nach bhfonfuidh choídhche dhóibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díomhaóineas? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cad fáth a bhfuil na ciníocha dá suaitheadh agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht? |
Scairt siad - ní raibh fear a dtarrthála ann: bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.
Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.
Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.
Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach is a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan.
Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhde agus glamaíl d'eascairde ag méadú de shíor.
Óir féach! tá do naimhde ag tógáil clampair; agus tá do lucht fuatha ag tógáil a gcinn.
Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,
Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus d'ordaigh iad a bhualadh le slata.
Arna chlos sin do mhuintir na sainidríne chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú.
Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”