Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia?
Salm 139:1 - An Bíobla Naofa 1981 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé, An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) A Thiarna, is tú a thomhais mé agus a chuir eolas orm: is feasach duit mo shuí agus mʼéirí; tuigeann tú mo smaointe i bhfad roimh ré. Psalma Dhaibhí 1836 Do chuartuigh tu, ’s as aithne dhuit, Me féin a Thi’arna thréin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A THIGHEARNA, do chúartuigh tú mé, agus daithin tú mé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé, |
Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat, nuair a rinne tú féin do shearbhónta a roghnú, a Thiarna Dia?
má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,
Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach.
Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat de bharr mar a thug tú onóir do do shearbhónta? Tú féin a rinne do shearbhónta a roghnú.
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí; déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.
Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.
Is aithnid duitse mé, a Thiarna, tá do shúile orm; dearbhaíonn tú mo chroí atá i do lámha. Tarraing amach iad mar chaoirigh chun an áir, coinnigh iad faoi choinne lá an mharaithe.
Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.