Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab.
Salm 136:3 - An Bíobla Naofa 1981 Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí, óir maireann a bhuanghrá go brách. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Altaígí do Thiarna na dtiarnaí: óir maireann a thrócaire go síoraí. Psalma Dhaibhí 1836 Tugaighe do Thriath na nuile Thriath, Mor‐bhuidheacus bhur bpré; Oir mairean a thrócaire chaomh, Do shior air feadh gach ré. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Moluidh TIGHEARNA na ttighearnadh: óir mairigh a thrócaire choidhche. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí, óir maireann a bhuan-ghrá go brách. |
Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab.
Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin: An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí, atá ina rí ar na ríthe agus ina thiarna ar na tiarnaí;
Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”
Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”