Salm 102:9 - An Bíobla Naofa 1981 Bíonn m'eascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn m'ainm ina eascaine ag mo naimhde. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Óir dʼith mé luaithe mar arán: agus shnaith mé deora le mo dheoch. Psalma Dhaibhí 1836 Lém’ dheóruibh chumaisg me mo dheoch, Mar arán d’ithios luaith, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a duáigh mé luáith amhuil arán, agus do chomuisg mé mo dheoch ré gul, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bíonn mʼeascairde do mo mhaslú de shíor; agus bíonn mʼainm ina eascaine ag mo naimhde. |
Le hachasáin a bhaineann fáscadh as an gcroí agam tarcaisníonn mo naimhde mé, á rá liom gan stad in aghaidh an lae: “Cá bhfuil do Dhia?”
Tá cíocras chun Dé ar m'anam chun Dé bheo; cá huair a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé.
Is briste mo chroí de chionn aithise ionas gur fágadh mé go faonlag fann. Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é; le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.
A Dhia na slua, cá fhad a bheidh tú ar buile, ar a shon go bhfuil do phobal ag guí?
An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”
Ná fógraígí é seo i nGat; ná siligí deora [i mBáca]; déanaigí sibh féin a iomlasc sa deannach i mBéit Afrá!
Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.