Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.
Salm 102:16 - An Bíobla Naofa 1981 Beidh eagla ar na ciníocha roimh d'ainm, a Thiarna; agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Nuair a atógfaidh an Tiarna Síón: agus a thaispeánfar a ghlóir; Psalma Dhaibhí 1836 Trath thóigfear Sion suas le Dia, Taisbeanfuigh se a nglóir; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A nuair chuirfeas an TIGHEARNA Sion súas, do chíthfighear iona ghlóir é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beidh eagla ar na ciníocha roimh dʼainm, a Thiarna; agus ar ríthe uile an domhain roimh do ghlóir. |
Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.
Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.
Is é seo an beart ar cinneadh air in éadan na talún go hiomlán; is í seo an lámh atá sínte amach in éadan na náisiún.
Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh.
Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit; beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá. Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir, cuirfear maise le maise mo Theampaill.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
Tá mé ag teacht chun ciníocha na n‑uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.
Tógfaidh mé thú an athuair agus atógfar thú, a mhaighdean Iosrael. Beidh tú sciamhach arís, agus déanfaidh tú meidhir sa rince le do chuid tiompán.
Déanfaidh mé Iúdá agus Iarúsailéim a athnuachain agus atógfaidh mé iad mar a bhí siad an chéad uair.
Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu.
Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.