Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím -
Nihimiá 7:63 - An Bíobla Naofa 1981 Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do na sagartuibh: clann Habaiah, clann Chos, clann Bharsillai, noch thug inghean do Bharsillai an Gileadíteach na mnaoi, agus do goireadh íad do réir a nanma. |
Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím -
Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.
Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;
clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá - sé chéad daichead a dó.
Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.