Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.
Nihimiá 3:8 - An Bíobla Naofa 1981 Taobh leosan rinne Úizíéil, ball de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú; taobh leis-sean rinne Hanainiá de chuallacht na gcumhróirí deisiú; rinne siad Iarúsailéim a dhaingniú chomh fada le [Balla na Cearnóige]; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Láimh ris sin do leasuígh Ussiel mhac Harhaiah, do na céarduibh óir. Láimh ris sin mar an gcéadna do leasuigh Hananiah mac aóin do na poteacairibh, agus do dhaingnigheadar Ierusalem go nuige an balla leathan. |
Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.
Ghabhadar díreach rompu ar aghaidh ag Geata an Tobair taobh leis na céimeanna suas go dúnfort Dháiví, ar feadh barr an bhalla agus suas ard phálás Dháiví go Geata an Uisce ar an taobh thoir.
Agus den méid sin déanfaidh tú criosma naofa, á chumasc mar a dhéanfadh poitigéir; criosma naofa a bheidh ann.
Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d'ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir.
Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán agus meánn siad airgead ar an ainsiléad. Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!