Nihimiá 3:10 - An Bíobla Naofa 1981 taobh leosan rinne Iadáiá mac Harúmaf deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Hatúis mac Haisibniá deisiú; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus láimh ríu sin do leasuidh Iedaiah mhac Harumaph, eadhon thall as coinne a thighe féin. Agus láimh ris sin do leasuigh Hattus mhac Hassabniah. |
rinne Mailcíveá mac Háirim agus Haisiúb mac Phachat Móáb an chéad chuid eile a dheisiú ar aghaidh go Túr na Sorn;
taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin;
taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;
agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol. Moladh leat, a Thiarna ár nDia, Trí shaol na saol! Moladh le d'ainm glórmhar A sháraíonn gach moladh agus móradh.