Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.
Nihimiá 10:38 - An Bíobla Naofa 1981 Tabharfaimid freisin togha ár mine, toradh gach crainn, fíon nua agus ola, chun na sagart, go seomraí Theampall ár nDé; agus go dtí na Léivítigh deachúna na talún; baileoidh na Léivítigh féin na deachúna ónár mbailte go léir faoin tuath. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus biáidh an sagart mac Aaroin maille ris na Lebhítibh, a núair ghlacfuid na Lebhítigh deachmhadha: agus do bhéuruid na Lébhítigh deachmhadh na ndeachmhadha súas go tighe ar Ndéne; do na séomradhuibh, go tigh an stóruis. |
Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé.
agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.
Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna.
ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh.
Ní foláir daoibh cuid de thús bhur dtaois a chur i leataobh don Tiarna; déantar amhlaidh ag sliocht bhur sleachta.
Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála.
An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.”