Nahum 3:9 - An Bíobla Naofa 1981 B'iad an Aetóip agus an Éigipt a neart. (Ní raibh aon teorainneacha aici.) B'iad Pút agus an Libe a comhghuaillithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Budh í a neartsin a Netíopia agus a Négipt, agus do budh neamhchuimseach sin; budh íad do chobharthaigh Put agus Lubim. |
bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta - Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh.
Nárbh arm mór le hiliomad carbad agus marcach iad na Cúisigh agus na Libiaigh? Ach de bhrí gur chuir sibh bhur muinín sa Tiarna, nár tugadh ar láimh daoibh iad?
Agus beidh eagla agus náire oraibh as Cúis, a raibh bhur muinín ann, agus as an Éigipt, a raibh sibh chomh teann sin aisti.
Ar aghaidh, a eachra! buailigí a charbada! ionsaígí, a fheara; a mhuintir na hAetóipe agus Phút, a ghlacann an sciath, a mhuintir Lúd, a chromann an bogha!’
“Bhí fir na Peirse, Lúd agus Pút, ar do shlua gaiscíoch; chrochaidís an sciath agus an ceannbheart ionat; chuiridís le do dhea-chlú.
Nuair a rug siad greim ort bhris tú ina lámha, agus réab a nguaillí uile; nuair a lig siad taca leat bhris tú arís agus chuir a leasracha ar crith.
“Muintir na hAetóipe, Pút agus Lúd, muintir na hAráibe agus na Libe, agus muintir thír an chonartha; titfidh siad ina gcuideachta leis an gclaíomh.
“A mhic an duine, abair le Forann, rí na hÉigipte, agus lena ghéillsinigh: Cad leis is cosúil tú i do mhórgacht?