Nahum 3:11 - An Bíobla Naofa 1981 Cuirfear thusa ar meisce freisin agus beidh tú ar mearbhall céille. Caithfidh tusa tearmann a lorg ón namhaid chomh maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Biaidh tusa fós ar meisce: foileochthar thú, íarrfa tú mar an ccéadna neart do bhrígh na námhad. |
Imigh leat i measc na n‑ailteanna, gabh i bhfolach sa láib, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Bígí bómánta agus dobhránta, bígí dall agus caoch; bígí ar meisce, ach ní le fíon, ag tuisliú, ach ní le tréan póite.
Cuirfidh mé lucht do bhrúite ag ithe a bhfeola féin, beidh siad ar meisce lena bhfuil féin mar a bheadh fíon úr ann. Agus beidh a fhios ag an uile fheoil gur mise an Tiarna do Shlánaitheoir, agus gurb é d'fhuascailteoir Tréanlaoch Iacóib.
Bhasc mé na ciníocha le cuthach, shatail mé orthu le teann feirge, agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.
Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’
“Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól, ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda; titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad, a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”
Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.
Scriosfar na scrínte cnoc urchóideacha, mar a bpeacaíonn Iosrael, agus fásfaidh driseacha agus feochadáin ar a n‑altóirí. Déarfaidh siad ansin leis na sléibhte: “Folaigí sinn”, agus leis na cnoic: “Titigí orainn.”
Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.
Lífidh siad an deannach ar nós nathracha nimhe, ar nós péisteanna na talún. Tiocfaidh siad amach as a ndúnta agus iad ar aon bharr creatha le heagla romhat, ár dTiarna Dia.
Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán.
Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: ‘Titigí orainn!’ agus leis na cnoic: ‘Folaigí sinn!’
Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.
Ligeadar araon do gharastún na bhFilistíneach iad a fheiceáil; dúirt na Filistínigh: “Seo amach na hEabhraigh as na poill ina raibh siad i bhfolach.”