Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d'imíodh an leon amach, d'fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu,
Dfúaduigh an leomhan go lór da chuiléanuibh, agus do theachd sé dá leomhanuibh buinionna, agus do líon sé a úamha lé creich, agus a phruchlais lé fúadach.
Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.
“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”
Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.