Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
Matha 27:63 - An Bíobla Naofa 1981 agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dúirt siad, “A dhuine uasail, is cuimhneach linn go ndúirt an mealltóir úd, agus é ina bheo go fóill, ‘I ndiaidh trí lá éireoidh mé arís.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: A thigearna, is cuimhin linn gur dhubhairt an mealltóir úd le linn é bheith beo: Éireochaidh mé i gcionn thrí lá. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, A thighearna, is cuimhain linn an tan do bhí an mealltóir úd béo, go ndubhairt sé, Eireóchuidh mé tair éis thrí lá. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’ |
Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.
go gcuirfidh siad chun báis é agus go n‑éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.
agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”
agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ”
Ordaigh, dá bhrí sin, an uaimh a dhéanamh daingean go dtí an treas lá, le heagla go dtiocfadh a chuid deisceabal á fhuadach agus go ndéarfaidís leis an bpobal: ‘Tá sé éirithe ó mhairbh,’ agus ba mheasa an dul amú nua ná an chéad dul amú.”
Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí.
Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.”
Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
“Tabharfar Mac an Duine ar lámh do dhaoine agus cuirfidh siad chun báis é, agus tar éis a mharaithe, éireoidh sé tar éis trí lá.”
Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine.
Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”
agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”
D'fhreagair Íosa: “Leagaigí an teampall seo,” ar sé leo, “agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é.”
“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”
D'fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibhse comh maith?
bíonn meas orainn agus drochmheas, clú agus míchlú. Bíonn ainm na bréige orainn cé go bhfuilimid fíor.