figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.
Matha 24:32 - An Bíobla Naofa 1981 Ach foghlaimígí ón gcrann fígí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ó’n chrann fíge foghlaimigidh fáithscéal. Nuair a bhios a ghéag bog agus na duilleogaí ag teacht amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith buailte libh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Foghlaimidh samhlaoid ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, bíonn a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i ngiorracht daoibh; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge; A núair bhíos a ghéagmáoth, agus fhásas a dhuilleabhair, áitheantar gur ab fogas an samhradh: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmaireacht. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach foghlaimígí ón gcrann figí an parabal seo: Nuair a bhíonn an ghéag go húr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achomaireacht. |
figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.
Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”
Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd uile, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach.