Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 20:25 - An Bíobla Naofa 1981

Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht ghoir Íosa chuige iad, agus dubhairt: is eol díbh mar a chuireas prionnsaí na gcinidheach smacht ortha: agus na daoine is mó, cuireann siad a gcumhacht i bhfeidhm ortha.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Tá a fhios agaibh go gcuireann tighearnaí na nGeinte fá smacht iad, agus go mbíonn forlámhas ag a ndaoinibh móra ortha.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar na ngairm chuige Diósa, a dubhairt sé, Atá a fhios agaibh go bhfuil úachdaránachd agá dtighearnuibh ar na Cineadhachaibh, agus go bhfuilid na dáoine móra trén orrtha.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na ngeinte iad do smachtú, agus go ndeinid a ndaoine móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.

Féach an chaibidil



Matha 20:25
14 Tagairtí Cros  

Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n‑anamacha;


Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.


Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: “Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.


ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.