Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’
Matha 18:26 - An Bíobla Naofa 1981 Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar sin thit an seirbhíseach ar a ghlúine ag cur impí air, ‘A Thiarna, bíodh foighne agat liom, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht chaith an seirbhíseach sin é féin síos, agus ghuidh sé é, ag rádh: Bíodh foighid agat liom, agus díolfaidh mé an t-iomlán leat. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do chaith an seirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A thighearna, déan foighid liom, agus íocfad an t‐iomlán leat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin ag déanamh úmhla don tsearbhfhoghantuighe sin, do íarr sé athchuinghidh air, ag rádh, A thighearna déana foighid rióm, agus do bhéara mé an tiomlán dhuit. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t-iomlán leat.’ |
Mar sin, chaith a chomhsheirbhíseach é féin ar lár ag achainí air: ‘Bíodh foighne agat liom,’ ar seisean, ‘agus íocfaidh mé leat é.’
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Agus tháinig lobhar chuige ag umhlú síos ina láthair agus dúirt: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”
D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”
Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d'fhíréantacht Dé.