Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 18:21 - An Bíobla Naofa 1981

Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n‑uaire?”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ba ansin a tháinig Peadar aníos gur fhiafraigh de, “A Thiarna, cé mhéid uair a pheacós mo bhráthair i mʼaghaidh agus a mhaithfeas mé dó? An oiread le seacht n‑uaire?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Annsin tháinic Peadar chuige, agus dubhairt: A Thighearna, cá mhéad uair a chionntóchas mo bhráthair i m’aghaidh, agus go maithfidh mé dó? Seacht n-uaire, an eadh?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Annsin tháinig Peadar chuige, agus adubhairt sé leis, A Thighearna, Créad a mhionca dhéanfas mo bhráthair coir im’ aghaidh, agus go maithfead dó é? seacht h‐uaire, an eadh?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ar ndul do Pheadar na ionnsaidh an tráth sin, a dubhairt sé, A Thighearna, gá a mhioncachd do dheana mo dhearbhráthair coir a maghaidh, agus mhaithfeas mé dhó? an go nuige an seachdmhadh húair?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt, A Thighearna, an ’mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am’ choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n-uaire, an eadh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i mʼaghaidh? Go dtí seacht n-uaire?”

Féach an chaibidil



Matha 18:21
2 Tagairtí Cros  

“Má dhéanann do bhráthair peaca i d'aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú.