Lúcás 21:11 - An Bíobla Naofa 1981 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) beidh creathanna móra talaimh ann agus gortaí agus plánna in áiteanna éagsúla; agus beidh uafáis agus comharthaí móra ó neamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus béidh creatha móra talaimh i n-áiteacha, agus pláigheanna agus gorta agus uathbháis ó neamh agus béidh cómharthaí móra ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus béidh creatha móra talmhan, agus gortaí agus pláigheanna ’n‐a lán áiteann; agus béidh neithe uathbhásacha ann, agus cómharthaí móra ó’n spéir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus béid creatha móra talmhan a mórán dáitibh, agus gorta, agus plágha; agus neithe uathbhásacha agus comharthuighe móra ó neamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus beid luascacha móra talmhan i n-a lán áiteana, agus pláigheana, agus gorta, agus neithe sgannramhla ó’n spéir, agus cómharthaí móra. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. |
beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach
Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.
Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.
Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.