Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Lúcás 14:16 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt seisean leis: Rinne duine áirithe suipéar mór, agus thug sé cuireadh do mhórán, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leis, Thug duine féasta mór; agus thug sé cuireadh do mhórán; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt seision rís, Do rinne duine áirighe suipéir mhór, agus do ghoir sé mórán: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean leis: Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh d’á lán daoine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige dá thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán. |
Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Beidh muintir Eafráim ina ngaiscígh, agus cuirfear áthas ar a gcroí faoi mar a bheidís ag ól fíona. Feicfidh a gclann mhac é seo agus beidh lúcháir orthu mar gheall air agus déanfáidh a gcroíthe gairdeas sa Tiarna.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.