Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg - a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge.
Léivític 8:12 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dhoirt sé cuid den chriosma ar cheann Árón á choisreacan leis an ungadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do dhóirt as an ola ungtha ar cheann Aáron, agus do ungaidh é, da náomhadh. |
Mar uinnimint a doirteadh ar an gceann, agus a shil ar an bhféasóg - a shil anuas ar fhéasóg Árón, go himeall a fhallainge.
Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d'fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.
Glacfaidh tú chugat ola an ungtha agus doirtfidh tú ar a cheann í agus déanfaidh tú é a ungadh ar an gcuma sin.
Déanfaidh tú Árón agus a mhic a ungadh, agus a choisreacan, go bhfónfaidís dom mar shagairt.
Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.” Rinneadar mar a dúirt Maois.
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
D'ordaigh an Tiarna clann Iosrael á thabhairt sin dóibh an lá a ungtar iad; reacht síoraí é seo dá sliocht ó ghlúin go glúin.
Ansin thóg Maois cuid den chriosma agus den fhuil a bhí ar an altóir, agus dhoirt ar Árón agus ar a éidí í, agus ar a chlann mhac agus ar a n‑éidí. Choisric sé Árón agus a éidí, a chlann mhac agus a n‑éidí, ar an gcuma sin.