Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Léivític 21:5 - An Bíobla Naofa 1981 Ná cleachtaidís bearradh baithise agus ná gearraidís imill a bhféasóige agus ná ciorraidís a gcorp. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní dhéanuid maóile na gcéannuibh, ní bhearrfuid táobh a bhféasog, ní mo dhéanuid gearradh ar bith na bfeóil. |
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
Éagfaidh an mór agus an beag sa tír seo gan adhlacadh ná caoineadh; ní ghearrfaidh daoine iad féin, ní bhearrfaidh siad a gcloigeann ar a son.
Sea, tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg gearrtha, tá scoradh ar na lámha uile, sacéadach ar na leasracha uile.
Ní bhearrfaidh siad a gcinn ná ní ligfidh siad fás fada faoina bhfolt; gearrfaidh siad é go measartha.
“A mhic an duine, glac chugat claíomh géar, bíodh sé mar lann bearbóra agat agus scaoil thar do cheann agus do fhéasóg é; ansin glac scálaí tomhais agus roinn an ghruaig.
Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna.
Ná déanadh sé é féin a thruailliú ar son [deirféar] pósta; d'fhágfadh sin neamhghlan é.
Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.
“Sibhse clann an Tiarna bhur nDia. Ná déanaigí sibh féin a chiorrú ná bhur n‑éadan a lomadh ar aon slí ar son an mhairbh.