Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.
Léivític 19:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Ná hionntoighidh lé hiodhaluibh, agus ná déanaidh dée leaghtha dháoibh: misi an TIGHEARNA bhur Ndía. |
Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.
ach lean sé sampla ríthe Iosrael, agus rinne sé fiú íomhánna miotail a theilgean do na Bálaím.
Ní dhéanfaidh sibh déithe airgid ná déithe óir le cur ina seasamh le mo thaobh, ná ní dhéanfaidh sibh a leithéid daoibh féin.
Ghlac seisean an t‑ór óna lámha, agus, le cabhair múnla, leáigh sé é agus theilg sé dealbh lao. “Seo é do dhia, a Iosrael,” ar siad de liú, “a thug thú amach as tír na hÉigipte!”
Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.
An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia.
Má ofrálann sibh íobairt chomaoineach don Tiarna, déanaigí sibh féin taitneamhach, agus ansin ofrálaigí amhlaidh sin í.
Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.
Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh
‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’
féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é,
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.
Eisean an fíorDhia agus an bheatha shíoraí. A chlann liom, seachnaígí sibh féin ar na híola.