Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach; is naofa é agus [lán de chumhacht].
Léivític 19:2 - An Bíobla Naofa 1981 “Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo: Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Labhair ré comhchruinniughadh chloinne Israel uile, agus abair riú, Beithi náomhtha: óir atáimse an TIGHEARNA bhur Ndía náomhtha. |
Tugaidís moladh dá ainm óir is éachtach é agus is uamhnach; is naofa é agus [lán de chumhacht].
Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”
Bígí naofa domsa, óir is naofa mise, an Tiarna, agus chuir mé i leataobh sibh ó na ciníocha le go mba liomsa sibh.
Coisricigí sibh féin dá bhrí sin agus bígí naofa óir is mise an Tiarna bhur nDia.
Ná truaillíodh sé a shliocht i measc a mhuintire, óir is mise an Tiarna a naomhaíonn é.”
ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.”
Bíodh sé coisricthe agat mar go n‑ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.
Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair.
Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”
Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí.
Níl aon neach naofa mar an Tiarna - níl aon neach seachas thú - Níl carraig mar ár nDia.