Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.
Léivític 1:7 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireadh clann Árón, na sagairt, tine ar an altóir, agus cóirídís brosna ar an tine sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cuirfid mic Aáron na sagart teine ar á altóir, agus leagfuid an connadh a nórd ar an teinidh. |
Nuair a shroicheadar an áit a thaispeáin Dia dó, thóg Abrahám altóir ann agus chóirigh an t‑adhmad uirthi. Chuir sé ceangal faoina mhac agus leag ar an altóir é, anuas ar an adhmad.
Ansin chóirigh sé an connadh, rinne codanna den tarbh agus leag ar an gconnadh é.
Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus d'fhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe,
Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d'Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.
Nuair a bhí a urnaí ráite ag Solamh, tháinig tine anuas ó na flaithis agus dhóigh an íobairt uileloiscthe agus na hofrálacha, agus líon glóir an Tiarna an Teampall.
agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.
Phreab lasair amach ó láthair an Tiarna agus loisc sí an tsaill ar an altóir. Ar a fheiceáil sin don phobal, chuireadar na gártha áthais suas, agus thiteadar ar a n‑aghaidh.
“Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.