Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Íseáia 43:8 - An Bíobla Naofa 1981

Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu, an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Tabhair amach na daóine dalla agá bhfuilid súile, agus na bodhair agá bhfuilid clúasa.

Féach an chaibidil



Íseáia 43:8
9 Tagairtí Cros  

An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh, agus as lár an dúcháin agus an dorchadais tiocfaidh radharc i súile na ndall.


Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.


“Éistigí seo anois, a phobal dallintinneach gan tuiscint, - ag a bhfuil súile agus nach bhfeiceann, cluasa agus nach gcluineann.


“A mhic an duine, tá cónaí ort le dream ceannairceach a bhfuil radharc na súl acu ach nach bhfeiceann siad, a bhfuil cluas le héisteacht acu ach nach gcluineann siad; óir is ceannairceach an dream iad.


chun go ‘mbreathnóidís go deimhin ach nach bhfeicfidís, agus go gcluinfidís go deimhin ach nach dtuigfidís, d'eagla go n‑iompóidís agus go maithfí dóibh.’ ”