Íseáia 23:10 - An Bíobla Naofa 1981 Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eírigh thríd do dhúthaigh mar shruth, a inghean Tarsis: ní bhfuil neart ní sa mhó. |
agus gach a bhfásann ar bhruacha na Níle. Críonfaidh plandaí na Níle go léir, siabfar ar shiúl agus ní fheicfear iad níos mó.
Shín an Tiarna amach a lámh os cionn na farraige agus chroith sé a cuid ríochtaí; thug sé an t‑ordú go scriosfaí dúnfoirt Chanán.
Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos.
Tá a mórgacht uile leáite ó iníon Shíón; ba chosúil a flatha le fianna nach raibh féarach acu níos mó; bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch roimh an tóir a cuireadh orthu.
Anois critheann na hinsí lá do thurnaimh; is cúis imní d'imeacht ag insí na farraige.’
Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.
Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.