Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Íseáia 18:5 - An Bíobla Naofa 1981

Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart, nuair a aibíonn an bláth chun caor, gearrtar na péacáin leis an gcorrán, déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír roimhe an bhfoghmhar, a nuáir is abaidh an fás, agus abuidheas an cháor shearbh annsa mbláth, géarrfuidh sé amach aráon na slaitíne le corránuibh béarrtha, agus béaruidh sé leis agus géarrfuidh síos na beangáin.

Féach an chaibidil



Íseáia 18:5
6 Tagairtí Cros  

figí glasa ar an gcrann, cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith. Éirigh chugam, a rún; a ghile, gluais liom.


Beirigí ar na sionnaigh, na sionnaigh bheaga dúinn, do mhill an fíonghort, ár bhfíonghort faoi bhláth.


Féach, seo an Tiarna Dia na Slua ag teascadh na ngéag lá huafás. Tá barra na gcrann á ngearradh, agus na bilí is bródúla á leagan.


Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.