agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é. Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas, agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann; tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta, agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.
Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.
Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.