Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.
Irimia 7:32 - An Bíobla Naofa 1981 Mar sin tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach dtabharfar Toifit air níos mó ná Gleann Bein Hionnom, ach Gleann an Áir. Déanfar a n‑adhlacah i dToifit, cheal spáis; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Uimesin, féuch, tiucfa an lá, a deir an TIGHEARNA, nach goirfighear Tóphet de ní sa mó, nó gleann mhic Hinnom, acht gleann a náir: óir adhlaicfid síad ann Tóphet, nó go rabhuid gan ionad aca ann. |
Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d'aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.
agus déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Brisfidh mé an pobal seo agus an chathair seo díreach mar a bhriseann duine crúsca an photaire, nach féidir a dhéanamh slán arís.
Saileofar tithe Iarúsailéim agus tithe ríthe Iúdá, mar an áit seo, Toifit; na tithe seo uile ar loisc siad túis ar a ndíonta do shlua neimhe uile, agus ar ar dhoirt siad deochanna do dhéithe eile.’ ”
Imigh amach i dtreo Gleann Bhein Hionnom, go béal Gheata na Sligí Cré. Fógair ansin na briathra a inseoidh mise duit.
Mar sin tá na laethanta ag teacht anois - an Tiarna a labhraíonn - nach dtabharfar Toifit, ná Gleann Bhein Hionnom níos mó ar an áit seo, ach Gleann an Áir.
Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”
Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n‑iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí.
Bánófar bhur n‑altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n‑íol.
Scriosfaidh mé bhur n‑áiteanna arda agus smiotfaidh mé bhur n‑altóirí túise. Déanfaidh mé carnáil bhur marbh a chaitheamh ar charnáil bhur n‑íol marbh; beidh an ghráin ag m'anam oraibh.