“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.
Irimia 50:12 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tá náire shaolta ar bhur máthair, tá míchlú ar an mbean a rug sibh; tá sí ar an náisiún is lú anois; ina fásach, ina fearann loiscthe, ina díthreabh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Claóidhfighear bhur mathair go hiomarcach; biáidh an bhean rug sibh náireach: féuch, biáidh deireadh na ngeinteadh na bhfasach, na bhfearann thirim, agus na ndíothramh. |
“Éireoidh mé suas ina n‑éadan - briathar Thiarna na Slua - agus teascfaidh mé den Bhablóin a hainm agus a hiarsma. Gan síol gan sliocht a bheidh sí - briathar an Tiarna.
Féach an tír seo dár dhual longa! Thóg na Caildéigh a dtúir léigir. Leag siad a cuid daingean agus d'fhág ina ballóg í.
Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)
Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear, imíonn an spiorad aisti. Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann, fuair sí náire agus míchlú... Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde - an Tiarna a labhraíonn.”
Sea, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh pálás rí Iúdá: Ba Ghileád thú agamsa, Ba bheann de chuid na Liobáine thú; mar sin féin, déanfaidh mé fásach díot, baile gan áitritheoir ann.
(Ach nuair a bheidh an seachtó bliain istigh, gearrfaidh mé pionós ar rí na Bablóine agus ar an gcine sin - an Tiarna a labhraíonn - san éigeart a rinne siad, agus pionós ar thír na gCaildéach freisin, agus déanfaidh mé fásach síoraí di.)
ríthe uile an tuaiscirt i bhfogas agus i gcéin, ceann ar cheann; agus na ríochtaí uile atá ar chlár na talún. (Maidir le rí Shéiseac, ólfaidh seisean ar deireadh.)
Uime sin tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina dtabharfaidh mise faoi deara caismirt chogaidh a chloisteáil in aghaidh Rabat na nAmónach; beidh sí ina cairn uaigneach, dófar a hiníonbhailte go talamh. Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd - an Tiarna a labhraíonn.
Tá a bailte ina bhfásach, in a bhfearann loiscthe, ina ndíthreabh; ní chónaíonn duine iontu; ní thagann fear an bealach sin.”
Féach, tá na laethanta ag teacht a dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine. Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad, agus a mairbh uile sínte ina lár.
Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”