Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.
Irimia 5:30 - An Bíobla Naofa 1981 Tá nithe aduafara, uafásacha á ndéanamh sa tír; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do rinneadh ní iongantach adhfhúathmhar annsa ttír; |
Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh, óir tá an Tiarna ag labhairt: “Thóg mé agus d'oil mé clann mhac, ach d'éirigh siad amach i mo choinne.
“Dá bhrí sin - is mar seo a deir an Tiarna: Fiafraígí anois i measc na náisiún cé chuala a leithéid seo: Rinne maighdean Iosrael gníomh rófhuafar.
Bíodh uafás oraibh, a neamha; faoin ní seo bíodh uamhan oraibh crithigí le heagla - an Tiarna a labhraíonn.
Ach i bhfáithe Iarúsailéim chonaic mé na nithe gránna: adhaltranas, síoréitheach, an oiread sin neartú lucht na míghníomhartha, nach bhfilleann aon duine óna olc; tá siad domsa mar Shodom, a háitritheoirí uile domsa mar Ghomorá.
I dteach Iosrael feicim rud uafásach; mar is ansin a dhéanann Eafráim striapachas, agus a thruaillítear Iosrael.