Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
Irimia 5:29 - An Bíobla Naofa 1981 An é nach gcaithfidh mé nithe dá shórt a chúiteamh leo - an Tiarna a labhraíonn - ná mo dhíoltas a agairt ar a leithéid seo de náisiún?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nach ccuairteocha misi ar son na neitheannsa? a deir an TIGHEARNA: nach bia manam dioghaltach ar a leithéid so do chineadh? |
Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn - nach n‑agróidh mise mo dhíoltas ar a leithéid seo de náisiún?
Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.
An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu? - is é an Tiarna a labhraíonn - an é nach ndéanfaidh mise díoltas ar a leithéid seo de náisiún?
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.
Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.