Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
Irimia 49:10 - An Bíobla Naofa 1981 Óir is mise atá ag lomadh Éasau, nochtaimse a áiteanna folaithe, go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt. Scriosadh a shíol: tá deireadh leis! Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht do rinne misi Esau lom, do nocht mé a áite secréideacha, agus ní fhéadfa sé é féin do cheilt: do creachadh a shíol, agus a dhearbhráithre, agus a chomharsana, agus ní bhfuil sé féin ann. |
Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
Um thráthnóna, scéin ar fad; roimh mhaidin níl siad ann níos mó. Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí, is é is dán don dream a rinne slad orainn.
Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim atá cnuasta i gcillíní rúin, chun go dtuige tú gur mise an Tiarna, Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.
Má théann siad i bhfolach ar bharr Chairmeil cuardóidh mé agus ropfaidh mé liom iad; má théann siad i bhfolach uaim i ngrinneall na farraige ordóidh mé don Nathair greim a bhaint astu ansiúd.
Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”