Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.
Irimia 48:45 - An Bíobla Naofa 1981 Rinneadar moill faoi dhíon Heisbeon, na teifigh agus iad go traochta. Ach tháinig tine as Heisbeon, lasair as pálás Shíochon; loisc sé malaí Mhóáb, cloigeann na ndaoine ceannairceacha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do sheasadar fa dhíon Hesbon an drong do theith tre ainneart: acht tiucfuidh teine amach as Hesbon, agus a sair as lár Sihon, agus loisgfidh sí cuáinne Mhóab, agus coróin chinn na ndaóine cceannairgeach. |
Síochon, rí na nAmórach agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, agus ríthe Chanán go léir.
Ní ábhar maíte é ag Móáb a thuilleadh! bheartaigh siad a bhriseadh ag Heisbeon: ‘Tagaigí! gearraimis amach é ó bheith ina chine!’ Gearrfar síos thusa freisin, a Mhadmaen, ní fada uait an claíomh.
teilgfidh mé tine síos ar Mhóáb agus dófaidh sí páláis Chiríot, éagfaidh Móáb le linn an chlampair, le linn gártha agus fuaim an trumpa;
Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.
Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.
Óir tháinig tine as Heisbeon, lasair as chathair Shíochon. D'alp sí Ár Mhóáb, agus shlog sí arda Arnón.
Liach ortsa, Móáb! Tá deireadh libh a phobal Chamóis. Rinne sé teifigh dá mhaca, agus cimí dá iníonacha, cimí ag Síochon, rí na nAmórach.
Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.
Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?