Irimia 39:13 - An Bíobla Naofa 1981 Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t‑ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Marsin do chuir Nebusar‐adan caiptín an ghárdha úadh, agus Nebusasban, Rabsaris, agus Nergal‐sareser, Rabmag, agus uile phrionnsadha rígh na Babilóine; |
“Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.”
agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail.
[Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t‑ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine.
Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.