Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.”
Irimia 32:7 - An Bíobla Naofa 1981 Féach, tiocfaidh Hanamael mac Shealúm deartháir d'athar chugat agus déarfaidh: Ceannaigh duit féin mo gharraí in Anatót, óir is leat ceart a fhuascailte ar phraghas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch, tiucfuidh Hanámeel mac Sallum dearbhráthair hathar chugad, gha rádh, Ceannuidh dhuit féin mo mhachaire atá ann Anatot: óir is leacht ceart a fhúascailte do cheannach. |
Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.”
Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: “Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.”
Agus faoi mar a bhí ráite ag an Tiarna tháinig Hanamael mo chol ceathrar chugamsa i gCúirt an Gharda. Dúirt liom: ‘Ceannaigh mo gharraí atá in Anatót, óir is leat ceart a oidhreachta agus a fhuascailte, ceannaigh duit féin é.’ Bhí a fhios ansin agam gurbh é sin ordú an Tiarna.
Ná díoltar an talamh amach go deo, óir is liomsa an talamh agus níl ionaibhse ach lucht deoraíochta agus aíochta agamsa.
Má luíonn an bochtanas ar do dheartháir agus go gcaitheann sé a oidhreacht a dhíol, tagadh an gaol is gaire dó chuige agus déanadh sé a mbíonn díolta ag a dheartháir a fhuascailt.
Agus an talamh beatha coimín timpeall ar na cathracha seo, ní féidir é a dhíol mar is leo é go brách.
Is féidir do dheartháir a athar, do mhac dearthár a athar, nó do dhuine dá mhuintir féin é a fhuascailt; má thagann speilp air féin, is féidir dó é féin a fhuascailt.
“Ordaigh do chlann Iosrael cathracha le cónaí iontu, agus talamh féaraigh timpeall na gcathracha, a thabhairt do na Léivítigh as an oidhreacht ina seilbh; tugaigí an méid sin do na Léivítigh.