Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.
Irimia 2:27 - An Bíobla Naofa 1981 a deir le smután adhmaid: ‘Is tú m'athair,’ le cloch: ‘Is tú a thug ar an saol mé.’ Iompaíonn siad a ndroim liomsa agus ní hé a n‑aighthe; ach in am a mbuartha béiceann siad: ‘Éirigh agus sábháil sinn.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh ré smotán, Is tú mathair; agus ré cloich, Is tú do ghein mé: óir diompoigheadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naghaidh: achd a nám a mbuáidheartha déuruid, Eirigh, tárthuigh sinn. |
Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.
A Thiarna, san anbhroid dúinn tá muid do do lorg; anacair agus ansmacht, ba iad siúd do phionós orainn.
Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta: is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,
Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh, ar lá a dtruamhéile.”
déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].
Tusa a rinne cónaí sa Liobáin, a neadaigh i measc na gcéadar, cé mar a dhéanfaidh tú cneadach nuair a thiocfaidh na doitheacha ort, an phian amhail bean in íona.”
Bhí a striapachas chomh mínáireach sin gur thruailligh sí an talamh as a dheireadh; rinne adhaltranas le clocha agus le smutáin adhmaid.
Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.
D'iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht.
Chuir an rí Zidicíá Iahucal mac Shealaimiá agus an sagart Zafainiá mac Mhásaeiá chun an fáidh Irimia, á rá: “Guigh chun an Tiarna ár nDia ar ár son.”
agus dúirt siad leis: “Guímid thú éist lenár n‑achainí! Guigh ar ár son chun an Tiarna do Dhia, ar son an fhuíll seo uile - óir níl fágtha againn ach beagán de mhórán, mar is léir do do shúile féin -
Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: De bhrí gur dhearmad tú mé agus gur thug tú cúl liom, ní mór duit díol as do ghraostacht agus do striapachas.”
Rug sé go cúirt inmheánach theach an Tiarna mé; agus féach, ag doras Theampall an Tiarna, idir an póirse agus an altóir, bhí tuairim is cúigear fear is fiche, a ndroim le Teampall an Tiarna, a n‑aghaidh leis an oirthear, agus iad ag adhradh na gréine i dtreo an oirthir.
Iarrann siad comhairle ar a smut adhmaid, agus is é an cuaille acu a thugann faisnéis dóibh; go deimhin, is dúil sa striapachas a chuireann ar seachrán iad, agus is de dheasca striapachais a d'éirigh siad as bheith faoina nDia féin.
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.