Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Irimia 13:5 - An Bíobla Naofa 1981

D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Mar sin dimthigh mé, agus do fhóluigh mé ag Euphrátes é, mar do áithin an TIGHEARNA dhíom.

Féach an chaibidil



Irimia 13:5
10 Tagairtí Cros  

Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.


Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: “Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d'ordaigh mé duit a fholach ann.”


De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile.


Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.


Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.