Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna.
Irimia 11:2 - An Bíobla Naofa 1981 “Labhair le fir Iúdá agus le háitritheoirí Iarúsailéim. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eístighsi briathra an chunnarthaso, agus labhruidh re fearuibh Iúdah, agus re háitreabhachaibh Ierusalem; |
Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna.
Rinne Iahóideá conradh idir é féin agus an rí agus an pobal ar fad, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna.
Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.
Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích.
Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.
Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Fógair é seo uile i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim: Éistigí briathra an chonartha seo agus déanaigí iad.