Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iósua 5:3 - An Bíobla Naofa 1981

Rinne Iósua sceana breochloiche agus thimpeallghearr sé clann Iosrael ar Chnoc na bhForchraiceann.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do rinne Iosua sceana géara do féin, agus do thimchillgheárr sé clann Israel ar chnoc an rémhchroicinn.

Féach an chaibidil



Iósua 5:3
5 Tagairtí Cros  

Ansin thóg Zipiorá breochloch agus bhain an forchraiceann dá mac agus chuir sí le baill ghiniúna Mhaois é: “Is fear fuilteach agam thú, is ea sin,” ar sí leis.


Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.


Um an dtaca sin dúirt an Tiarna le Iósua: “Déan sceana breochloiche agus déan clann Iosrael a thimpeallghearradh arís den dara huair.”


Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach.